Is sa Chorlán a leagtar síos ord na bhfuaimeanna/litrithe atá le teagasc, agus tugtar liosta focal samplach in achan chás. Ar ndóigh, focal úr atá in 'Córlán', a thugann le fios gur leis na fuaimeanna C-Ó-R-L-Á-N a thoisíonn an fhoghlaim!
Tá taifeadadh de leagan Uladh den Chórlán le fáil anois ag an nasc seo, á chur i láthair ag Dónall Ó Cnáimhsí as an Ghlaisigh i nGaoth Dobhair, i nGaeltacht Thír Chonaill.
https://www.maradearfa.ie/scoileanna/uladh-scoileanna/an-corlan-muinteoir-uladh
Ár mbuíochas le hEdel Ní Chnáimhsí fosta, atá le cluinstin ar fhíseán seo na bpríomhfhuaimeanna: