Cothrom an lae seo 25 bliain ó shin a cuireadh tús oifigiúil le hobair Breacadh – tionscadal trasGhaeltachta a bhunaigh agus a stiúraigh oifigigh oideachais na gcomhlachtaí Páirtíochta Gaeltachta san am agus oifigigh aosoideachais na gCoistí Gairmoideachais (na Boird Oideachais agus Oiliúna sa lá atá inniu ann). Tá muid ag cuimhneamh le mórbhuíochas ar na bunaitheoirí ceannródacha sin inniu: Máire Uí Eanaigh (Cumas Teo.), Cathal Ó Fearraigh & Feardorcha Ó Colla (Páirtíocht Thír Chonaill), John Kennedy (Seirbhís Oideachais Chiarraí & Chéad Chathaoirleach Bhreacadh), Cróna Ní Ghallchóir (Bord Oideachais & Oiliúna Dhún na nGall), Mary Walshe (Bord Oideachais & Oiliúna Phort Láirge) agus Seán Mac Lochlainn (Bord Oideachais & Oilúna na Gaillimhe-Roscomáin).
Leagadh de chúram ar Bhreacadh tacaíochtaí a chur ar fáil do na seirbhísí aosoideachais a fhreastlaíonn ar fhoghlaimeoirí fásta Gaeltachta ar cainteoir dúchais Gaeilge iad.
Tá taighde luachmhar déanta ag Breacadh ar riachtanais, ar dhúshláin agus ar mhianach an chainteora dúchais ó shin i leith – ó thaobh scileanna scríbhneoireachta agus léitheoireachta de, go mór mór – agus cuid mhór áiseanna foghlama agus oiliúna curtha ar fáil, dírithe go sonrach ar an gcainteoir dúchais.
Go deimhin, tá 230 áis teagaisc/foghlama cruthaithe agus foilsithe ag Breacadh le ceathrú céid anuas, i dtrí mhórchanúint na Gaeilge.
Baineann cuid de na háiseanna sin le réimsí éagsúla den ghairmoiliúint – cúrsaí cumarsáide, cúrsaí mata, cúrsaí ríomhaireachta, cúrsaí cúraim leanaí, ullmhú agus sábháilteacht bia srl. Lena chois sin, tá treoirlínte curtha i dtoll a chéile ag an eagraíocht maidir le húsáid ‘Gaeilge Nádúrtha na nDaoine’ (‘Plain Irish’) agus maidir le feasacht an phobail ó thaobh na litearthachta de.
Is é buaicphointe obair Bhreacadh, áfach, ná dearadh agus foilsiú na háise Mar a Déarfá! An Focal Scríofa don Chainteoir Dúchais Gaeilge – córas cumistheach grádaithe do mhúineadh na léitheoireachta agus na scríbhneoireachta don chainteoir dúchais. Tá Mar a Déarfá! leagtha amach do chomhthéacs na Foghlama Teaghlaigh (‘Family Literacy’). Tá sraith de 50+ áis teagaisc/foghlama cruthaithe agus curtha i gcló ag Breacadh i gcanúint Chonnacht sa phacáiste seo – agus an pacáiste iomlán anois á chur in oiriúint do chanúintí na Mumhan agus Uladh.
Tá Mar a Déarfá! aitheanta mar chóras réabhlóideach i múineadh na litearthachta, a raibh géarghá leis don chainteoir dúchais – ní amháin in earnáil an aosoideachais ach in earnáil na scolaíochta chomh maith.
Caith súil ar ár gcuid catalóg ag na naisc thíos, agus ar aiseolas ó theagascóirí, ón gCigireacht agus ón eagraíocht Gaeloideachas.
Faigh cuntas freisin ar roinnt de na cúrsaí oiliúna agus seisiúin eolais atá curtha ar fáil ag Breacadh do na céadta teagascóir, don Chigireacht, d’fhoirne NEPS agus Oide, do mhic léinn agus léachtóirí i gcoláistí oiliúna na tíre, ag comhdhálacha RSO srl.




